Darach Ó Scolaí 1 cover art

Darach Ó Scolaí 1

Darach Ó Scolaí 1

Listen for free

View show details

About this listen

Darach Ó Scolaí 1: tús na scríobhneoireachta; ceardlann Sheáin Mhic Mhathúna; ar thóir na saoirse; an Fhrainc; an litríocht.

Is foilsitheoir, údar agus dearthóir leabhar Darach Ó Scolaí. I measc an tsaothair atá cruthaithe aige tá úrscéalta, insint nua ar scéalta na Rúraíochta, na Fiannaíochta agus litríochta ársa na nGael, áistriúcháin agus drámaí. Is é a bhunaigh an comhlacht foilsitheoireachta, Leabhar Breac agus an comhlacht telefíse, Rosc. Dar leis gurb fhearr an fhírinne ná a bheith deisbhéalach ach gurb éifeachtaí sa choimhlint an chlisteacht cainte i mbéal an té gan chumhacht ná fírinne gharbh na cumhachta gan choinsias. Tháinig sé ar cuairt go Cabhán an Chaorthainn i ndiaidh Oireachtas Bhéal Feirste, 2025 agus rinne comhrá thar thréimhse dhá lae le Séamus Mac Giolla Phádraig. Tá uimhir le gach aon mhír de réir mar a taifeadadh iad.

--------

Tá fáilte romhat chuig ar pár, podchraoladh i nGaeilge ina bhfuil comhráite faoin litríocht i nGaeilge tiomsaíthe.

Is féidir comhráite le húdair agus le lucht acadúla a fháil in ar pár.

Taifead buan ar scéalaíocht na Gaeilge a dhéanamh; Lorg chúrsa na litríochta Gaeilge mar snáth innigh trí dhlúth na staire agus chultúir na tíre a aimsiú; Tionchar na litríochta tábhachta seo agus í ag dul i bhfeidhm ar lucht léitheoireachta na hÉireann agus i gcéin a mheas; is iad seo modhanna oibre agus an chuspóir atá ag ar pár.

Sa chéad sraith seo ina bhfuil deich gclár, tugadh cuireadh do Shéamas Mac Annaidh, an t-údar bisiúil, a shaothar scríofa agus an timpeallacht ina raibh sé lonnaithe nuair a chruthaíodh iad a chaibidil, ceann ar cheann, i gcomhrá le fear an toighe, Séamus Mac Giolla Phádraig.

Tabhair síntiús do ar pár agus éist le léiriú as an choiteann ar shaothar scríbhneoirí tábhachtacha na haimsire seo, ina bhfocail agus ina dteanga dhílse féin.

Ceol Ryan Molloy

https://linktr.ee/arparpod

No reviews yet