Seachtain cover art

Seachtain

Seachtain

Written by: Irish Independent
Listen for free

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

2026 Irish Independent
Politics & Government
Episodes
  • Dublin’s new Gaeilge quarter: An fear taobh thiar den fhís
    Oct 15 2026
    Tá Baile Átha Cliath ag éirí níos Gaelaí óir tá Ceathrú Ghaeilge beartaithe dó. Beidh an Cheathrú Ghaeilge lonnaithe thart ar Shráid Fhearchair, Sráid Camden agus Sráid Synge, áit a bhfuil Gaeilgeoirí agus roinnt institiúidí agus áiseanna Gaeilge lonnaithe cheana féin. Tá sé ina sprioc ag an Cheathrú go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil, le cloisteáil agus in úsáid go nádúrtha gach lá i ngnóthaí an cheantair. Ach cén dóigh a athróidh sé an chathair? Agus cén dóigh is féidir gnólachtaí sa cheantar a mhealladh le Gaeilge a úsáid? Labhair Maitiú Ó Casaide, Stiúrthóir Cheathrú Gaeilge Bhaile Átha Cliath, ar Seachtain faoin bhfís nua Ghaelach don phríomhchathair. Foclóir: Ceathrú: Quarter Eagarthóir: Editor Fís: Vision Athfhorbairt: Redevelop Ag feidhmiú: Operating Dearfacht: Positivity Earcaigh: Recruit Athchruthú: Recerete Bóthar na bhFál: The Falls Road Feiceálach: Visible or prominent Cúthail: Shy Gadaíocht chultúrtha: Cultural theft Masla: Insult Lipéad: Label Tionscadal: Project Borradh: Surge or growth

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    22 mins
  • Droim Crí agus Garbhachaidh: Cén fáth an tsáinn?
    Oct 7 2026
    Tá seachtain chorrach, ghnóthach eile i ndiaidh a bheith ann ó thuaidh. Ar Bhóthar Gharbhachaidh, ceantar náisiúnach i bPort an Dúnáin, tá slua mór léirsitheoirí ag iarraidh stop a chur le mórshiúl de chuid an Oird Oráistigh, dul tríd a gceantar. Leis an aighneas seo ag leanúint ar aghaidh le breis is seachtain anois, tá an t-iriseoir Ciarán Dunbar liom le tumadh isteach sa scéal agus sa stair. Mórshiúil: Parade Aighneas: Discord Fir bhuí: Orange men Srianta: Restrictions Iarratas: Application Cinneadh: Decision Gheall sé: He promised Cónaitheoirí: Residents Mí-ord: Disorder Círéibí: Riots Lámh in uachtar: The upper hand Cuir faoi chois: To oppress Foréigean: Violence Achrann: Acrimony Neamhaird: To pay no attention to Scoilte: Divided

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    23 mins
  • An Clár: An contae a chaill a chuid Gaeilge ach a choinnigh an ceol
    Oct 1 2026
    Tá clú agus cáil ar Chontae an Chláir sa lá atá inniu ann mar gheall ar an gceol, ach ní i bhfad ó shin a bhí Gaeltacht fhairsing láidir sa chontae. Mar a bheadh foláireamh soiléir ann ó aimsir a chuaigh thart, chaill an Clár a cainteoirí dúchais lenár linn féin. Agus ansin, rinneadh dearmad gur ann di riamh. Ach tá daoine ag obair chun stair na Gaeltachta sin a chur in iúl do mhuintir an chontae agus fiú chun Coláiste Gaeilge Charraig a’ Chabhaltaigh a oscailt in athuair. Duine acu sin ná an Dr Síle Níc Ní Choincheannain. Is léachtóir san oideachas le saineolas sa Ghaeilge í i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Labhair sí le Ciarán Dunbar faoi Ghaeilge agus faoi Ghaeltacht an Chláir, agus faoi na hiarrachtaí chun Coláiste Eoghan Uí Chomhraidhe a oscailt arís.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    33 mins
adbl_web_anon_alc_button_suppression_t1
No reviews yet