• Dublin’s new Gaeilge quarter: An fear taobh thiar den fhís
    Oct 15 2026
    Tá Baile Átha Cliath ag éirí níos Gaelaí óir tá Ceathrú Ghaeilge beartaithe dó. Beidh an Cheathrú Ghaeilge lonnaithe thart ar Shráid Fhearchair, Sráid Camden agus Sráid Synge, áit a bhfuil Gaeilgeoirí agus roinnt institiúidí agus áiseanna Gaeilge lonnaithe cheana féin. Tá sé ina sprioc ag an Cheathrú go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil, le cloisteáil agus in úsáid go nádúrtha gach lá i ngnóthaí an cheantair. Ach cén dóigh a athróidh sé an chathair? Agus cén dóigh is féidir gnólachtaí sa cheantar a mhealladh le Gaeilge a úsáid? Labhair Maitiú Ó Casaide, Stiúrthóir Cheathrú Gaeilge Bhaile Átha Cliath, ar Seachtain faoin bhfís nua Ghaelach don phríomhchathair. Foclóir: Ceathrú: Quarter Eagarthóir: Editor Fís: Vision Athfhorbairt: Redevelop Ag feidhmiú: Operating Dearfacht: Positivity Earcaigh: Recruit Athchruthú: Recerete Bóthar na bhFál: The Falls Road Feiceálach: Visible or prominent Cúthail: Shy Gadaíocht chultúrtha: Cultural theft Masla: Insult Lipéad: Label Tionscadal: Project Borradh: Surge or growth

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    22 mins
  • Droim Crí agus Garbhachaidh: Cén fáth an tsáinn?
    Oct 7 2026
    Tá seachtain chorrach, ghnóthach eile i ndiaidh a bheith ann ó thuaidh. Ar Bhóthar Gharbhachaidh, ceantar náisiúnach i bPort an Dúnáin, tá slua mór léirsitheoirí ag iarraidh stop a chur le mórshiúl de chuid an Oird Oráistigh, dul tríd a gceantar. Leis an aighneas seo ag leanúint ar aghaidh le breis is seachtain anois, tá an t-iriseoir Ciarán Dunbar liom le tumadh isteach sa scéal agus sa stair. Mórshiúil: Parade Aighneas: Discord Fir bhuí: Orange men Srianta: Restrictions Iarratas: Application Cinneadh: Decision Gheall sé: He promised Cónaitheoirí: Residents Mí-ord: Disorder Círéibí: Riots Lámh in uachtar: The upper hand Cuir faoi chois: To oppress Foréigean: Violence Achrann: Acrimony Neamhaird: To pay no attention to Scoilte: Divided

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    23 mins
  • An Clár: An contae a chaill a chuid Gaeilge ach a choinnigh an ceol
    Oct 1 2026
    Tá clú agus cáil ar Chontae an Chláir sa lá atá inniu ann mar gheall ar an gceol, ach ní i bhfad ó shin a bhí Gaeltacht fhairsing láidir sa chontae. Mar a bheadh foláireamh soiléir ann ó aimsir a chuaigh thart, chaill an Clár a cainteoirí dúchais lenár linn féin. Agus ansin, rinneadh dearmad gur ann di riamh. Ach tá daoine ag obair chun stair na Gaeltachta sin a chur in iúl do mhuintir an chontae agus fiú chun Coláiste Gaeilge Charraig a’ Chabhaltaigh a oscailt in athuair. Duine acu sin ná an Dr Síle Níc Ní Choincheannain. Is léachtóir san oideachas le saineolas sa Ghaeilge í i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Labhair sí le Ciarán Dunbar faoi Ghaeilge agus faoi Ghaeltacht an Chláir, agus faoi na hiarrachtaí chun Coláiste Eoghan Uí Chomhraidhe a oscailt arís.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    33 mins
  • Rebuilding Oileán Ghabhla: Daoine ag filleadh tar éis 50 bliain
    Sep 24 2026
    Tréigeadh go leor oileán Éireannach thar na blianta. Oileán Ghabhla mar shampla, áit a bhfuil cáil air mar gheall ar an amhrán Báidín Fheilimí. Tá sé suite tuairim is míle amach ó chósta Dhún na nGall. Agus tráth dá raibh, bhí na scórtha teaghlach ina gcónaí ann. D'fhág siad an t-oileán sna 1960í áfach. D'fhág na pobail a bhí ag saothrú a slí beatha ón talamh agus ón fharraige agus bhog siad anonn go dtí an mhórthír. Anois, leathchéad bliain ina dhiaidh sin, tá beatha ag teacht ar ais chuig an oileán de réir mar atá daoine ag filleadh ar a chladach arís. Ar Seachtain, labhair an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoin bheocht agus faoin bhfuinneamh nua atá á chur ar ais i nGabhla. Foclóir: Bád farantóireachta: Ferry Go buan: Permanently Earraí: Goods Ag dul i léig: Declining Banaíodh an t-oileán: The island was deserted Ar leac an dorais: On the doorstep Deontas: Grant Gineadóirí: Generators Athchóirigh: Renovate Bonneagar: Infrastructure Leathanbhanda: Broadband Ag obair go cianda: Working remotely Uathúil: Unique Sainiúil: Distinctive Teas: Heat Ar cíos: Rent Iargúltacht: Remoteness

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    23 mins
  • Why I moved to a remote island – and loved it
    Sep 17 2026
    Is brionglóid í atá ag cuid mhaith againn, éalú ó ghnóthacht agus ó ghleo shaol na cathrach, ar thóir saol níos simplí san iargúltacht. Ach, an é nóisean rómánsúil seafóideach é sin atá againn? Nó an é an bliss atá muid ag brionglóidí faoi le fada? Cúig bliana ó shin, bhog Aedín Ní Thiarnaigh, a bhí cúig bliana is fiche d’aois ag an am, óna baile dúchais i gContae Loch Garman go hInis Meáin amuigh ar chósta thiar na hÉireann, áit a bhfuil sí ina cónaí ó shin i leith. Cad é a mheall bean óg chuig oileán Gaeltachta iargúlta i lár na farraige? Agus cad é mar atá an saol laethúil di agus í scartha ón mhórthír. Ar Seachtain, labhraíonn Aedín faoi bhuaicphointí agus faoi íslephointí shaol an saol oileánach, agus í ag ceiliúradh a clochmhíle pearsanta. Foclóir: Taighde: Research Ina cíor thuathail: In chaos or turned upside down Tiarna Talún: Landlord Crosbhealach: Crossroad An mhórthír: The mainland Ligthe i ndearmad: Forgotten An t-éileamh: The demand Spleách: Dependent on Scaití: Occasionally Réiteach: Solution An córas lastais: The cargo system Bád farantóireachta: The ferry Na duganna: The docks Aistriúcháin: Translations Turais teoraithe: Guided tours Amhrasach: Suspicious Iargúlta: Remote Oidhreacht: Heritage Cneasaigh: Heal Tuar: Foresee or forecast

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    24 mins
  • ‘Bhí na fóin phóca ag bualadh sa rubble thíos fúm’: Cuimhní ó 9/11
    Sep 10 2026
    Ba é an t-ionsaí ba mharfaí i stair Mheiriceá. Ar an 11ú lá de mhí Mheán Fómhair 2001, bhuail dá eitleán isteach sna Twin Towers in Manhattan, Nua Eabharc. Bhí na mílte duine ag obair iontu ag an am. Tharla na hionsaithe i gcroílár na cathrach a ba ghnóthaí sa tír, ar ghnáthlá oibre, gan aon rabhadh. Maraíodh beagnach trí mhíle duine sa tubaiste a thit amach. Chonaic milliúin de dhaoine an t-uafás seo ag titim amach beo ar an teilifís. Spreag na hionsaithe cogaí san Afganastáin agus in Iaráic. Chuaigh SAM sa tóir ar cheannaire Al-Qaeda Osama bin Laden go láithreach agus mhair an toraíocht i bhfad. D’athraigh imeachtaí 9/11 slándáil an aerthaistil ar fud an domhain go deo. Anois, 25 bliana ar aghaidh ó ionsaíodh an tIonad Trádála Domhanda, cad é an lorg a d'fhág 9/11 orainn? Ar Seachtain tugann Pearse O’Reilly a chuntas pearsanta féin den lá tragóideach sin agus faoin tionchar a bhí a bhí ag 9/11 ar Nua Eabhrac ina dhiaidh sin. Foclóir: Greanta: Engraved Eispéireas: Experience Mí-ádh: Misfortune Dúshlán: Challenge Sa deireadh thiar thall: Eventually Greamaithe: Stuck Ionsaí sceimhlitheoireachta: Terror attack Faitíos: Fear Smionagar: Rubble Tubaiste: Carnage Deatach: Smoke Ganntanas: A lack of Misneach: Courage Gaolta: Relatives Cogadh Domhanda: World War Uafás: Horror Sáinnithe: Stranded

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    29 mins
  • Comedy Gaeilge at Dublin Fringe: ‘Tá seónna grinn níos fearr i nGaeilge’
    Sep 3 2026
    Ní rud éasca é a bheith i do sheasamh os comhair slua agus iarracht a dhéanamh iad a chur ag gáire. Agus seans gur deacra i bhfad an dúshlán é sin a dhéanamh trí Ghaeilge. Sin é go díreach an seó a bhí i gceist ag an fuirseoir Síomha Hennessy a chruthú do Fhéile Imill Bhaile Átha Cliath áfach. Beidh Síomha ag léiriú a seó nua dátheangach, Gaelmaxxing, in Bewley’s Café Theatre ón 8 go dtí an 12 Meán Fómhair. Ar Seachtain, labhair Síomha Hennessy le Tessa Fleming faoin inspioráid dá seó nua. Foclóir: Fuirseoir: Comedian Dátheangach: Bi-lingual Ré: Era Searbh: Bitter Eisceachtúil: Exceptional Cúng: Narrow Greann: Humour Gaolta: Related Dún Éideann: Edinburgh Ag spocadh as: Making fun of Faraor: Alas Buan: Permanent Tacú: Supporting Díomá: Disappointment Uaillmhianach: Ambitious Impigh ar: To beg

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    21 mins
  • A tale of revival and controversy: Tús na gcoláistí samhraidh
    Aug 27 2026
    Tá deireadh ag teacht leis an samhradh agus tá daltaí fud fad na tíre ag filleadh ar an scoil. Chaith thart ar tríocha míle acu seal sa Ghaeltacht ag na coláistí samhraidh le seachtainí beaga anuas, ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge. Is nós bliantiúil é do go leor daoine óga, agus b’fhéidir nach smaoiníonn siad mórán faoi. Ach cé chomh fada is a dtéann traidisiún na gcoláistí samhraidh siar? Cén fáth ar cuireadh tús leo sa chéad dul síos? Agus cén fáth gur tharraing siad an oiread sin trioblóide orthu féin le linn bhlianta órga athbheochan na Gaeilge? Ar Seachtain labhraíonn an Dr Máire McCafferty faoi tús na gcoláistí samhraidh. Foclóir: Ceardchumann: Trade Union Oilte: Skilled Daideo: Grandfather Tóir: Demand Ballraíocht: Membership Uirbeach: Urban Laidin: Latin Athbheochan:Revival Uasaicme, íosaicme: Upper class, lower class Siamsa: Entertainment Tréimhse an-chorrach: Turbulent time Ag tabhairt fogha faoi: To attack I gCeann Chlochair: In Clogherhead Ag déanamh athris ar: Imitating Éigeantach: Mandatory Laochra: Heroes Dódh Coláiste Uladh: Coláiste Uladh was burnt Go sonrach: Particularly Críochdheighilt: Partition Maoiniú: Funding Dlús a chur faoi: To accelerate or speed up

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    25 mins